Ról an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí

Ní hé amháin go n-eisíonn an Bord treoirlínte maidir le léiriú phríomhchoincheapa an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí ach iarrtar air freisin rialú trí chinntí ceangailteacha a dhéanamh i dtaca le gníomhaíochtaí próiseála trasteorann, agus ar an mbealach sin, áirítear go gcuirfear rialacha an AE i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach chun a áirithiú nach ndéileálfaí leis an aon chás amháin ar bhealach difriúil i ndlínsí difriúla.

Is iad seo na príomh-mhodhanna atá ag an mBord chun a ról a chomhlíonadh (iontráil nasc chuig ár gcuid oibre agus uirlisí):

Gníomhaíonn an Bord go neamhspleách agus ní dhéanann sé treoracha a iarraidh ná a ghlacadh ó dhuine ar bith agus é ag comhlíonadh a chúraimí agus ag feidhmiú a chumhachtaí. 

Chomh maith leis sin, féadfaidh an Bord scrúdú a dhéanamh- ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhalta dá chuid nó don Choimisiún Eorpach - ar cheist ar bith a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Ní mór don Bhord comhairle a chur ar an gCoimisiún Eorpach maidir le saincheist ar bith a bhaineann le cosaint sonraí san Aontas, lena n-áirítear maidir le leasú ar bith a bheartaítear ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus aon togra reachtach ón Aontas. Ina theannta sin, ní mór dó comhairle a chur ar an gCoimisiún Eorpach maidir leis an bhformáid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis a mhalartú faoi chuimsiú chreat na Rialacha Ceangailteacha Corparáideacha.

Anuas air sin, ní mór don Bhord tuairim a thabhairt don Choimisiún Eorpach maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an leibhéil chosanta i dtríú tír, tuairim a thabhairt dó maidir leis na deilbhíní agus tuairim a thabhairt dó maidir leis na ceanglais deimhniúcháin.

Tá ról le himirt ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i dtuairimí a thabhairt maidir le dréachtchinntí ó údaráis mhaoirseachta.

Anuas air sin, ní mór don Bhord cinntí ceangailteacha a eisiúint i dtrí chás. Tríd is tríd, baineann na cásanna sin le réiteach díospóidí i measc údaráis mhaoirseachta:

- i gcás gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid i gcoinne dréachtchinnidh ón bpríomhúdarás maoirseachta nó i gcás gur dhiúltaigh an príomhúdarás maoirseachta don agóid (sásra ionad ilfhreastail);

- i gcás ina mbeidh tuairimí contrártha ann maidir le cé acu ceann de na húdaráis mhaoirseachta atá ina phríomhúdarás maoirseachta;

- i gcás nach n-iarrfaidh údarás maoirseachta tuairim an Bhoird (ar tuairim í a cheanglaítear faoin sásra comhsheasmhachta) nó i gcás nach ndéanfaidh sé tuairim an Bhoird a leanúint.