An creat dlí

Bunaíodh an EDPB le Rialachán Ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), a glacadh an 27 Aibreán 2016 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an AE ar 4 Bealtaine 2016.

Tabhair faoi deara gur foilsíodh ceartúchán ar an Rialachán Ginearálta san Iris Oifigiúil an 23 Bealtaine 2018. Tá sé sin ar fáil anseo. Tá an leagan comhdhlúite de Rialachán Ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí ar fáil anseo.

Tháinig an GDPR i bhfeidhm ar 24 Bealtaine 2016 agus tá feidhm aige ó 25 Bealtaine 2018 i leith. Cruthaítear leis an GDPR sraith chomhchuibhithe rialacha is infheidhme maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta ar fad a dhéantar san AE.

Is é an cuspóir atá leis an tsraith nua rialacha sin a áirithiú go dtabharfar ardchaighdeán cosanta do shonraí pearsanta gach áit san AE, rud a mhéadóidh cinnteacht dhlíthiúil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí próiseála sonraí araon agus a thabharfar tuilleadh cosanta do dhaoine aonair.

Tá rialacha sonracha i bhfeidhm maidir le hearnálacha áirithe go fóill.

Tá feidhm ag an Treoir um Chosaint Sonraí le haghaidh Póilíní (PDPD) maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú.

Glacadh an Treoir i gcomhthráth le glacadh an GDPR ar 27 Aibreán 2016. Foilsíodh an Treoir in Iris Oifigiúil an AE ar 4 Bealtaine 2016. Tháinig sí i bhfeidhm ar 5 Bealtaine 2016 agus ní mór í a thrasuí i reachtaíocht na mBallstát den Aontas Eorpach faoi 6 Bealtaine 2018 chun go mbeidh sí infheidhme go hiomlán.

Cuireadh an GDPR agus an PDPD in ionad Threoir 95/46/CE don earnáil phríobháideach agus don chuid is mó den earnáil phoiblí agus in ionad Chinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle don earnáil forghníomhaithe dlí.

Leagtar síos i Rialachán 2018/1725, a cuireadh i bhfeidhm an 11 Nollaig 2018, na rialacha cosanta sonraí a bhaineann le hinstitiúidí AE.