Treoir ghinearálta

Eisímid treoir ghinearálta chun tuiscint choiteann ar dhlíthe Eorpacha cosanta sonraí a chothú san Aontas Eorpach ar fad agus ar fud an domhain araon.

Soiléirímid forálacha cosanta sonraí, cuirimid comhairle ar an gCoimisiún Eorpach agus tugaimid léiriú don phobal i gcoitinne agus do gheallsealbhóirí ar a gcearta agus ar a n-oibleagáidí.

Féadfaimid treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a eisiúint i ndáil leis an GDPR agus i ndáil leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí chun críocha Forghníomhaithe Dlí, mar aon le doiciméid eile.