Cóipcheart

Áirítear leis an ábhar ar an suíomh gréasáin seo sonraí téacsúla agus míreanna ilmheán amhail téacsanna, líníochtaí, grafaicí, lógónna, deilbhíní, íomhánna, ábhar fuaime agus físe, grianghraif, feidhmchláir agus an teicneolaíocht a gcuirtear síos uirthi. Cosnaítear na nithe sin leis na forálacha den dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir leis an maoin intleachtúil.

Is leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí agus/nó leis na húdair agus na tairbhithe lena mbaineann, agus leosan amháin, na sonraí téacsúla agus na míreanna ilmheán sin. Nuair a sholáthraíonn siad míreanna don suíomh gréasáin seo, tarscaoileann sealbhóirí cirt mhaoine intleachtúla an ceart atá acu go mbeidh a n-ainm nó aon tásc eile orthu le feiceáil ar na míreanna sin.

I gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha, ní mór don úsáideoir na cearta maoine intleachtúla atá i seilbh an Bhoird agus tríú páirtithe a urramú, gan dochar do na cearta agus na heisceachtaí dá bhforáiltear le haon fhorálacha ceangailteacha.

Déantar athúsáid aon fhaisnéise ar an suíomh gréasáin seo a údarú chun críocha tráchtála agus neamhthráchtála faoi na coinníollacha seo a leanas:

  • Cuirtear oibleagáid ar an athúsáideoir aitheantas a thabhairt d’fhoinse an doiciméid;
  • Níor cheart brí ná teachtaireacht bhunaidh na ndoiciméad a chur as a riocht;
  • Ní fhéadfar an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a chur faoi dhliteanas i leith aon iarmhairtí a thagann as an athúsáid.

Tuigtear athúsáid mar seo a leanas: "atáirgeadh sonraí téacsúla agus míreanna ilmheán ar leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí nó tríú páirtithe iad agus a bhfuil a gcearta úsáide i seilbh an Bhoird".

Geallann an t-úsáideoir nach ndéanfaidh sé/sí tásca ar an údar nó ar an bhfoinse a scriosadh ná a athrú agus nach bhféachfaidh sé/sí le dul timpeall ar na bearta teicniúla atá i bhfeidhm chun doiciméid agus míreanna ilmheán a chosaint, ar nós srianta priontála nó íoslódála agus clibeáil infheicthe nó dhofheicthe. D’fhéadfaí imeachtaí sibhialta agus coiriúla a thionscnamh i gcás aon sáraithe.

I gcás ina bhfuil amhras ann faoi aitheantas na sealbhóirí cirt nó faoi na coinníollacha úsáide a bhaineann le mír ar leith, is féidir iarraidh ar fhaisnéis a sheoladh chuig an stiúrthóir gréasáin.

In ainneoin taighde fairsing a dhéanamh, d’fhéadfadh sé nach raibh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí in ann údair áirithe nó sealbhóirí cirt áirithe na ndoiciméad atá le fáil ar an suíomh a shainaithint. Más rud é go bhfuil tú i do shealbhóir cirt den sórt sin, nó gur shainaithin tú sealbhóir cirt den sórt sin, nó más rud é go ndearnamar botún, bheimis buíoch díot dá ndéanfá teagmháil leis an stiúrthóir gréasáin.