Rialacha nós imeachta agus Meabhrán Tuisceana

Is é atá sna rialacha nós imeachta na rialacha oibríochtúla is tábhachtaí atá ag an EDPB. Déantar cur síos iontu ar na nithe seo a leanas:

  • an t-eagrú atá ar an EDPB;
  • an dóigh a n-oibríonn na comhaltaí le chéile;
  • an dóigh a dtoghtar an cathaoirleach agus na leaschathaoirligh; agus
  • modhanna oibre an Bhoird.

Féach ar rialacha nós imeachta an EDPB.

Is é atá sa Mheabhrán Tuisceana an comhaontú lena gcinntear na téarmaí comhair idir an EDPB agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (EDPS). Tá feidhm aige freisin maidir leis na baill foirne den Rúnaíocht, ar sholáthraíonn an EDPS í chun tacú leis an EDPB.

Féach ar an Meabhrán Tuisceana.