Tuarascáil bhliantúil

Sa tuarascáil bhliantúil ón EDPB, déantar achoimre ar ár gcuid gníomhaíochtaí le linn na bliana agus caitear súil siar ar na nithe seo a leanas:

  • cur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte uainn;
  • na moltaí agus na tuarascálacha dea-chleachtais uainn;
  • na cinntí ceangailteacha uainn;
  • na leibhéil chosanta sonraí atá ag daoine nádúrtha san Aontas Eorpach agus, nuair is iomchuí, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Foilsímid an tuarascáil ar ár láithreán gréasáin agus seolaimid cóipeanna di chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Tá an fhaisnéis chartlannaithe a seoladh chuig Meitheal Airteagal 29 – an comhlacht a tháinig romhainn – foilsithe ag an nasc seo a leanas:

Meitheal Oibre Airteagal 29