Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

Tá sé de cheart ag gach saoránach den Aontas Eorpach agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn i mBallstát nó a bhfuil a (h)oifig chláraithe lonnaithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid an EDPB. Baineann an ceart sin le gach doiciméad atá i seilbh an EDPB ar aon ábhar a thagann faoina fhreagracht.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an EDPB diúltú do dhoiciméad nó cuid de dhoiciméad a nochtadh. Leagtar na cúiseanna le diúltú agus rialacha eile nós imeachta amach i Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Rochtain Phoiblí.

Má chreideann tú gur diúltaíodh do rochtain a thabhairt duit gan údar, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach nó caingean a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.