Obair linn

Cé  muid

Tugann an Rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochtúil don EDPB, lena n-áirítear cumarsáid, doiciméid a ullmhú agus cruinnithe a eagrú.

An méid a thairgimid

Tairgimid timpeallacht oibre atá cairdiúil, ina bhfuil leibhéal íseal maorlathais agus leibhéal ard neamhspleáchais agus ina gcuirtear obair an-éagsúil i gcrích.

Tá straitéis uaillmhianach comhdheiseanna i bhfeidhm againn chun cabhrú leat do lánacmhainn a bhaint amach.

Trínár mBeartas uaillmhianach Foghlama agus Forbartha, tacóimid leat do spriocanna forbartha gairme a bhaint amach agus cuirfimid feabhas ar do scileanna pearsanta.

Tá foireann na Rúnaíochta fostaithe ag an EDPS. Mar fhostaí de chuid ceann amháin d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, bainfidh tú tairbhe as na deiseanna gairme, earcaíochta agus ardú céime uile atá ann agus as an bpá agus as na sochair atá leagtha amach sna Rialacháin Foirne.

An chaoi a nearcaimid

The EDPS provides support and organises selections for the EDPB secretariat. If you are interested in working for the EDPB, please check the EDPS site for vacancies:  https://edps.europa.eu/about-edps/recruitment_en

Earcaítear gach duine trí fhógraí folúntais sonracha a eisiúint do na róil seo a leanas:

Oifigigh

Mura líontar post folamh ar bhonn inmheánach, foilseoimid fógra folúntais ar an leathanach Fógraí Folúntais Idirinstitiúideacha, rud is féidir a rochtain ó chóras inlín gach institiúide Eorpaí.

Beidh an folúntas ar oscailt d’oifigigh ó gach institiúid Eorpach. Má chomhlíonann iarrthóirí na ceanglais cháilíochta uile, déanfar aistriú idirinstitiúideach.

Ós rud é go gcumhdaítear baill foirne na Rúnaíochta leis na Rialacháin Foirne agus gurb ionann an beartas soghluaisteachta dóibh agus do bhaill foirne in institiúidí móra an Aontais Eorpaigh, féadfaidh tú do ghrád, do chéim, do shinsearacht agus gach eilimint gairme eile a aistriú go héasca: ní chaillfidh tú aon cheann de na cearta atá agat má oibríonn tú linn.

Gníomhairí ar conradh

Uaireanta, earcaímid speisialtóirí cosanta sonraí agus baill foirne riaracháin eile ar chonarthaí téarma sheasta (“gníomhairí ar conradh”).

Earcaímid gníomhairí ar conradh ó bhuíon iarratasóirí (a choinnítear ar bhunachar sonraí) tar éis nós imeachta roghnúcháin ar a dtugtar CAST. Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a eagraíonn an nós imeachta sin.

Mar sin féin, déanfaimid breithniú ar iarratais spontáineacha ar phoist áirithe mar speisialtóirí cosanta sonraí, ar phoist mar shaineolaithe i réimsí eile nó ar phoist riaracháin.

Déan teagmháil le recruitment@edps.europa.eu dá mba mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil nó iarratas spontáineach a dhéanamh. Dá mba mhaith leat iarratas a dhéanamh, luaigh go bhfuil tú ag déanamh iarratas ar phost i Rúnaíocht an EDPB.

Saineolaithe náisiúnta

Uaireanta, tugtar saineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNInna) don Rúnaíocht ar feadh téarma seasta. Is baill foirne iad sin de chuid comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta i mBallstáit an Aontais Eorpaigh.

Gnóthaíonn na SNInna taithí luachmhar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus bainimid tairbhe as na scileanna gairmiúla agus an taithí ghairmiúil atá acu.

Nuair a bhíonn folúntas ann le haghaidh SNI, eisímid glao ar iarratais chuig údaráis náisiúnta chosanta sonraí.

Tugaimid cuireadh do bhuanionadaíochtaí náisiúnta chuig an Aontas Eorpach freisin chun cabhrú linn iarrthóirí oiriúnacha a aimsiú.

NÍ fhéadfaidh iarrthóirí iarratas a dhéanamh go díreach ar an gclár. Ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh trína bhfostóir, a leanfaidh lena dtuarastal a íoc le linn dóibh bheith ar iasacht.

Déan teagmháil le sne@edps.europa.eu chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Baill foirne eatramhacha

Uaireanta, fostaímid baill foirne ar feadh tréimhse ghairid sé mhí ar a mhéad de réir mar is gá. Fostaímid iad trí ghníomhaireachtaí oibre sealadaí.

Cúrsa oiliúna

Reáchtálaimid clár cúrsa oiliúna cúig mhí lena dtugtar deis do nuachéimithe ollscoile an t-eolas a ghnóthaigh siad le linn a gcuid staidéir a chur i bhfeidhm agus taithí phraiticiúil a ghnóthú ar ár ngníomhaíochtaí laethúla.

Reáchtáiltear an clár dhá uair in aghaidh na bliana. Tosaítear na cúrsaí i mí Dheireadh Fómhair agus i mí an Mhárta agus is gnách go n-óstáiltear beirt oiliúnaithe i ngach ceann díobh.

Faoi chritéir shonracha theoranta, glacaimid le mic léinn ollscoile agus mic léinn PhD le haghaidh cúrsaí oiliúna gearrthéarmacha freisin. Ní bhíonn aon luach saothair ag gabháil leis na cúrsaí sin.

How to apply?
Apply via the VBB website https://ec.europa.eu/stages/how-to-apply/who-can-apply_en
During your application process you will be able to indicate your 1st choice of place of employment. As the VBB is a European Commission tool, please make sure that you indicate the EDPS as 1st choice and please precise within your application that you have a preference to work for the EDPB Secretariat.

Téigh i dteagmháil le do thoil le stage@edps.europa.eu chun tuilleadh faisnéise a fháil.