Cuireann an Rúnaíocht, ar sholáthraíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (EDPS) í, tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochtúil ar fáil don EDPB.
Áirítear leis an tacaíocht sin seasaimh a ullmhú agus cruinnithe an EDPB agus cumarsáid uaidh a eagrú.
Cé go bhfuil baill foirne na Rúnaíochta fostaithe ag an EDPS, is faoi threoir Chathaoirleach an EDPB, agus faoin treoir sin amháin, a oibríonn siad.
Is le Meabhrán Tuisceana a bhunaítear na téarmaí comhair idir an EDPB agus an EDPS.